John Beag Ó Flatharta - Amhrán an Exhaust Pipe

Sdílet
Vložit
  • čas přidán 3. 01. 2020
  • Amhrán an Exhaust Pipe á chasadh ag John Beag Ó Flatharta
    Chuaigh mise isteach go Gaillimh cúpla seachtain roimh an gCáisc,
    Isteach Tigh Iggy Madden ag iarraidh exhaust pipe le haghaidh an chairr.
    An fear a bhí istigh san oifig ann nár fhiafraigh sé dhíom cén fáth
    A mbíonn muintir Chonamara ag iarraidh exhaust pipes chuile lá.
    Tharraing mé ‘am mo chathaoir mar ba mhaith liom a bheith ‘mo shuí.
    D’insíos scéal na mbóithre dhó a gcuma agus a gcaoi.
    Má bhíonn tú ‘déanamh tríocha nó dul thimpeall casadh géar
    Ní túisce ar an mbóthar thú ná ‘g imeacht thríd an aer.
    Gabh siar go hOileán Gharumna agus síos go dtí an Trá Bháin.
    Níl sé in ann ag muc ná madra aon choisméig a thabhairt ann.
    Gabh siar go Leitir Mealláin‘s ar ais bóthar Thír an Fhia,
    Ó cinnte dearfa bhrisfidís do chroí.
    Gabh amach ag Páirc an Mháimín agus soir go Leitir Móir,
    Cosúil leis an gcladach é gan cuma ná gan cóir.
    Siar go Leitir Calaidh, Béal an Daingin‘s Eanach Mheáin,
    Tá bóithre Chonamara ina gcráin.
    Tá mé anois ag teacht ag Gaillimh 's tá exhaust pipes ag éirí gann.
    D’íoc mé trí scór punt air idir vat is a bhfuil ann.
    Tá An Spidéal bainte amach agam 's níl sé blas ar bith níos fearr,
    Is a Chríost an domhain, tá hopáil ag an gcarr.
    Tá mé i ngar a bheith sa mbaile anois, tá mé meabhrán i mo cheann,
    Murach Anadins a bheith faoin dashboard agam ní dhéanfainn an bealach slán.
    Bíodh an diabhal ag an eacnamaíocht 's ‘bhfuil de TD’s thuas sa Dáil.
    An bhféadfadh duine éicínt slám tarmac a chur ar fáil?
  • Hudba

Komentáře • 1