John Beag Ó Flatharta - An Mhaighdean Mhara
Vložit
- čas přidán 16. 02. 2020
- Tá difríocht mhór amháin idir an Mhaighdean Mhara agus aon cheann eile de bháid mhóra Chonamara. Sí an t-aon bád mór í atá déanta ag an gclann a bhfuil sí acu fós - clann Mhic Dhonnchadha nó clann Johnny Jimmy Pheaitsín as an gCuilleán, An Cheathrú Rua. Tá rud eile freisin ag baint léi, sí an bád mór deireadh í a tharraing móin go hÁrainn as Conamara ag tús na seachtóidí, timpeall 1972. As Caladh Thaidhg a bhíodh sí ag tarraingt.
- Hudba
Such a Great Traditional Singer, God be with him,
Grá mo chroí sibh clann jimmy
👋😁
Hey, there was a song by John Beag called " beal na gcuanta"... I don't suppose you have it? Can't find it anywhere :(
it's on the LP Coinnigh léi a Sheáin
@@davythfear1582 thanks so much!
Cá bhfuil na líricí?
Déanfaidh mé iarracht iad a dhéanamh amach...
Níl mórán scríofa agam i gceart fós ach tiocfaidh mé ar ais (arís sa gcuan...)
Ó fhágthas tú Cinn Mhara go dtí Cuan na Beirtirí Buí
Tá báid á dtabhairt faoi deara 's iad ag seoladh cois na gaoithe
Tá comrádaithe ina dteannta 'tá níos luchtaithe fós ná an rón
An-sin í an Mhaighdean Mhara 'tá ar ais arís sa gcuan
Bhí imní thart sa gceantar na bádaithe seo a bhí (ar?) réin
Mar níor fagthas í le fada ná aon té leis ag déanamh aon chéim
Saol fada 'gus deá-shláinte don dream a chuir í i dtiúin
'is a chuir an Mhaighdean Mhara ar ais arís sa gcuan
Ó chonaic mé an oíche cheana í, tráthnóna 'is mé i mo shiúil
Bhí an ghrian a' gcur i gcaladh 'is í ag scaladh ar a stiúir
Bhí draíocht eicínt i mo tharraingt ina treo go deas réidh ciúin
'is ansiúd a bhí an Mhaighdean Mhara 's í ar ancaire sa gcuan
Ba bhreá mar a bhí sí ag breathnú ón busta go dtí an ball
Ní bheadh sábháil aici ar bhealach ach ar ghala a bheadh ag snámh
Bhí sí gléasta suas ina banríon mar spéirbhean amach romham
An-siúd í an Mhaighdean Mhara 'tá ar ais arís sa gcuan
Tá stair mhór fhada ag baint léi ón lá ar tógadh í ar dtús
Dearnadh í i gcomhair aimsire i gcomhair oibre agus dlús
Nach iomaí lá í ag seoladh le lucht feamainne agus móin
'is d'fhaga sí macalla ar thalamh 's ar an gcuan
Ó tógadh an Mhaighdean Mhara ar an mbaile 'a bhfuil sí ann
Do mhuintir Jimmy Phaitín is tá sí riamh ó shin sa gclann
Nach aoibhinn é le n-airigh go b'?? an séú glúin
a bheas ag gabhail an Mhaighdean Mhara is í dhá ghearradh siar an cuan
'bheas ag gabhail an Mhaighdean Mhara 's í dhá ghearradh siar an cuan