John Beag Ó Flatharta - Deoraí Thír an Fhia & Mo Mhéit ag Filleadh Abhaile (Meascra)
Vložit
- čas přidán 2. 01. 2020
- Dhá amhrán leis an gcumadóir iomráiteach Tom a’ tSeoige casta ag John Beag Ó Flatharta ón CD Gaelcheol Tíre Phléaráca Chonamara (1994).
Nuair a d’fhága mise an baile is mo bheannacht ag Tír an Fhia
Ní raibh caint ar an gcomharchumann ná ar obair Phól Ó Foighil
Nach iontach go deo an t-athrú é ó bhí mise im’ fhear óg
Tá obair is dól anois acu is neart airgid le n-ól.
Nuair a d’fhága mise an baile is nach brónach é mo chroí
Ó ba shin é lár an earraigh is daoine ag baint an fheamainn bhuí
Nár smaoinigh mé ar an mbaile, ar an tuile is ar an trá
Agus mise i bhfad ó bhaile is ón gcaladh ina mbíodh mo bhád.
Tá na fiche bliain seo caite agam is maith smaoiním ar an am,
Mé ag glanadh soir thar Daingean is mé ag tabhairt m’aghaidh ar an mbád bán,
Nár smaoinigh mé ar mo dhaide bocht a d’fhága mé i dTír an Fhia
Is gur minic féin a cheap mé gur mé a ghiorraigh lena shaol.
Céad slán do Leitir Mealláin, Cuigéal agus Corra Bhuí.
Céad slán do Pholl Uí Mhuirinn mar is ann a bhíodh an spraoi
Bhí sú an ghráin eorna go fairsing ann agus ba mhilis é mar bhraon
Is mo ghrá thú, a Phádraic Bradley, mar ba flaithiúil tú á roinnt.
Chuala mé ar an raidió an lá cheana ag SBB,
go raibh Albain fágtha amach aige as an gcalafort i Dundee.
Muise thug sé aghaidh na farraige le breeze deas gaoithe aniar,
Sé' dúirt sé is fada an t-achar é 's go Conamara atá mo thriail.
Ó bhí rabharta mór i bhfarraige agus bhí na tonnta ag éirí ard,
Bhí stoirm thintrí ceaptha bualadh ar chósta Dhún na nGall.
Ba fear an-dána ar fharraige é, ní smaoineodh sé ar an mbás,
Mar go bhfuair sé a dhóthain cheana, an t-am a sheol an Princess Maud.
Ó casadh ar bhád lastais é ó dheas go hInis Oírr,
Nár shíl siad gur sórt fathach é agus é thuas i mbarr an chrainn,
Bhí sé ag breathnú ar a' bhfarraige 's corr amharc ar an spéir,
Ach bhí Cladaigh Chonamara ag fáil níos giorra do mo mhéit. - Hudba
Ole
An bhfuil fáil agat ar níos mó amhráin ón CD seo?
Bheadh an chuid is mó acu cinnte
@@anfeargorm797 seans ar bith ar iad a chur suas anseo?