John Beag Ó Flatharta - Cnoic Ghlasa Chonamara

Sdílet
Vložit
  • čas přidán 10. 04. 2020
  • Amhrán le Tom a' tSeoige casta ag John Beag.
    Is fada ó chualas cáil ar thalamh Mheiriceá,
    An t-ór buí á fhuadach as na spéartha ann,
    Ach anois ó tá mé thall 's mé amuigh anseo i St.Paul,
    Ach mo dhíomú do lucht aithris na mbréaga.
    Ó shiúil mé California agus timpeall Minnesota,
    Boston is ba mhór iad lena chéile,
    's a Dhia nach mise an trua 's mé i bhfad ón gCeathrú Rua,
    Atá suite in iarthar na hÉireann.
    'S a Dhia nach fada ó bhaile cnoic ghlasa Chonamara,
    Na locha breátha na haibhneacha 's na sléibhte,
    An fraoch agus an cíb is maith umhlaíonn siad don ghaoth,
    Nach muid atá i bhfad óna chéile.
    Mar tá aer na mBeanna Beola i gcónaí do do phógadh,
    An ghealach is í ag comhrá leis na réalta,
    Ar maidin nach hé an spóirt 's na héanlaith ag seinm cheoil,
    Ag cur fáilte roimh éirí na gréine.
    Sna gleanntáin mhíne, dheasa a dtéann an drúcht ar foscadh,
    Bíonn an t-aiteann ar a bhfásann an bláth buí air,
    Bíonn na deora le mo ghrua 's mé i bhfad ón gCeathrú Rua,
    's mé i bhfad ó mo chairde is ó mo ghaolta.
    Nach deas é ceol na mara a ardaíonn ina mhacalla,
    Más le tuille nó le trá na taoille é,
    An eala bhán ar snámh 's í ag gardáil bhruach na trá,
    Nach fada siar ón áit sin atá mo smaointe.
    Tá an aois agus tá an óige iad lán de chroí 's de spóirt ann,
    Tá an ghnaíúlacht 's an córtas sna daoine,
    Tá an teanga bhlasta Ghaeilge á scríobh agus á léamh ann,
    Agus Raidió na Gaeltachta á craoladh.
    'S a Dhia nach fada ó bhaile Cnoic Ghlasa Chonamara,
    Na lochanna breátha na haibhneacha 's na sléibhte,
    An fraoch agus an chíb is maith umhlaíonn siad don ghaoth,
    Is muide i bhfad óna chéile.
  • Hudba

Komentáře • 2

  • @ciaranmac646
    @ciaranmac646 Před 4 lety +8

    An-amhrán👍

  • @gwenbutler9687
    @gwenbutler9687 Před rokem +1

    an-amhrán go deo. Agus go raibh maith agat as na liricí a bhreacadh síos