John Beag Ó Flatharta - Amhrán Mhaggie Thatcher

Sdílet
Vložit
  • čas přidán 6. 03. 2020
  • Amhrán grinn casta ag John Beag.
    Tá aithne ar Mhaggie Thatcher agaibh, cá bhfuil an té nach bhfuil?
    Mar is iomaí fear a mharaigh sí 's mar gheall uirthi doirtfear fuil,
    Chuaigh an Taoiseach s'againne anonn aici le sásamh éicínt a fháil,
    Cibé rud a bhí ag dul anonn aige ní raibh tada ag teacht anall.
    Tá sé bailithe anonn go Sasana chúig huaire uilig le mí,
    É fhéin 's Peter Barry 's an New Forum acu i gcaoi,
    Ó leag siad isteach ag Maggie é, dúirt sí 'What's it all about?'
    Níor léigh sí ach an chéad pharagraph nuair a dúirt sí 'Out, out, out!'.
    'Foc san aer thú a Mhaggie Thatcher' dúirt an Taoiseach arú inné,
    Má chastar arís i mo bhealach thú ó déanfaidh mé dhíot gé,
    Mar chaith tú an bhliain ag magadh fúm 's mo mhaslú i gcaitheamh an am,
    Ach beirimse mo mhallacht dhuit i ngach ceard a mbeidh tú ann.
    Ó Éireannaigh atá i Sasana ná tugaigí uirthi aon aird,
    Nach sibh fhéin a thóg na motorways atá déanta i chuile cheard,
    Ó d'oibrigh sibh go daingean ann le brí agus spreacadh láimh,
    Ó shaothraigh sibh bhur gcuid airgid 's ní bhfuair an taxman bugger all.
    Tá Maggie seo an-damanta, tá iarrann ina lámh,
    Mar tá an ghráin shíoraí ceart aici ar Fine Gael 's ar Fianna Fáil,
    Níl aon mheas aici ar na hÉireannaigh ó níl sí ceart ná cóir,
    Mar is mar a chéile díreach í le Paisley an chloiginn mhóir.
    Ó thriail siad í a scanrú nó go n-athróidís a streill,
    Ach ní fiú go ndeachaigh scratch uirthi nó a bombáileadh an hotel,
    Tá caint mhór ar Ghaddafi, Ayatollah 's a bhfuil ann,
    'S ar Arab mhór an airgid a bhfuil an bhratach ar a cheann.
    Sí Maggie an bhean is measa acu, sí is uafásaí le fáil,
    Tá spíodóirí i ngach áit aici ó na Falklands go dtí an Dáil,
    Tá muide i bhfad ró-éasca aici tá an Taoiseach i bhfad ró-réidh,
    Ba cheart dhó éirí as na cainteanna 's í a thabhairt don IRA!
    'Foc san aer thú a Mhaggie Thatcher' dúirt an Taoiseach arú inné,
    Má chastar arís i mo bhealach thú ó déanfaidh mé dhíot gé,
    Mar chaith tú an bhliain ag magadh fúm 's mo mhaslú i gcaitheamh an am,
    Ach beirimse mo mhallacht dhuit i ngach ceard a mbeidh tú ann.
  • Hudba

Komentáře • 2

  • @aodhanomaoileoin2160
    @aodhanomaoileoin2160 Před 4 lety +4

    Maith fear...barailte next

  • @christianpatriot125
    @christianpatriot125 Před 3 lety +4

    Nach trua nach raibh Taoiseach againne a bhí chomh dílis d’Éireann is a bhí Maggie dá thír féin.
    Tá siad fós ár ndíol!