Dúchas is Dóchas / Heritage & Hope: Ciara Pickering

Sdílet
Vložit
  • čas přidán 13. 06. 2024
  • Tá an t-eagrán deireanach den tsraith ‘Dúchas is Dóchas’ ar fáil anois!
    Tosaíonn an chéad chúrsa samhraidh Gaeltachta den bhliain seo i gceann cúpla lá agus is cinnte go bhfuil go leor daoine óga sa cheantar ag dúil go mór le seal a chaitheamh sáite sa Ghaeilge lena gcairde i bhfad ar shiúl ón bhaile.
    San fhíseán seo cluinimid faoin chéad uair a chuaigh Ciara Pickering chun na Gaeltachta. Is múinteoir Gaeilge í Ciara in Ardscoil Naomh Mhaolmhaodhóg, Caisleán Uidhilín, agus san fhíseán seo, labhraíonn sí faoin oiread suilt a bhain sí as an choláiste samhraidh cé go raibh sí neirbhíseach roimhe.
    Mar chuid den fhíseán cluinimid an t-amhránaí áitiúil álainn, Ciara McCrickard i mbun ceoil leis an cheoltóir iontach Stephen Rooney. Canann Ciara a leagan féin den amhrán traidisiúnta ‘Thugamar féin an samhradh linn’ a dhéanann ceiliúradh ar thorthúlacht an nádúir agus ag fáiltiú thús an tsamhraidh.
    The final video of the series 'Heritage & Hope’ is here!
    The first Gaeltacht summer course of the year begins in a couple of days and many young people in the district are undoubtedly looking forward to spending some time immersed in Irish with their friends away from home.
    In this video, we hear about the first time Ciara Pickering went to the Gaeltacht. Ciara is an Irish teacher in St Malachy’s High School, Castlewellan, and in this video, she talks about how much she enjoyed the summer college despite being a little nervous beforehand.
    This episode also brings us the beautiful local singer, Ciara McCrickard, singing with the excellent musician Stephen Rooney. Ciara sings her version of the traditional song ‘Thugamar féin an samhradh linn’ or ‘Bealtaine Song’ which celebrates the richness of nature and welcomes the beginning of the summer.

Komentáře •