John Beag Ó Flatharta - Strike na Gaillimhe

Sdílet
Vložit
  • čas přidán 1. 08. 2020
  • Amhrán ón albam An Lochán.
    Tá strike ar bun i nGaillimh tháinig an slua amach Dé Luain,
    Tá sé thar a bheith ina chlampar ann mar a léigh mé sa Tribune,
    Mar a socraítear go gairid é 'sea an chaoi lobhfaidh an baile mór,
    Mar níl tada ach aoileach scaipthe ó Salthill go College Road.
    Bhí mé ag caint le fear as Rathún an lá cheana thiar Tigh Chooke,
    Bhí aoileach curtha go leataobh ann a bhí chomh ard le Becher's Brook,
    An dream atá gar den Choirib bíonn siad á phíceáil ar éadomhain,
    Ach beidh Muileann former?? bánaithe má stopann siad an abhainn.
    Ó cheannaigh mé péire wellingtons a thug suas mé go dtí an square,
    Bhí lucht an bhardais cruinnithe ann faoi cheannasaí an Lord Mayor,
    Bhí suas le dhá chéad cailleach ag dul anuas An Bóthar Mór,
    's ní stopaidís gan tachar ná gan airm sa Rínn Mhóir.
    Bhí cruinniú ag an Union ag a seacht a chlog aréir,
    Nuair a fiafraíodh orthu na lámha a thaispeáint, chuaigh na mílte acu san aer,
    Dúirt siad nach raibh aon shluasaid ná aon ábhar scuab le fáil,
    Ach tá leoraí fraoch 's luachair ceannaithe thoir sa gCaisleán Gearr.
    'séard a dúirt an ....... leo go ndíolfadh sé féin carr,
    's go bhfaigheadh sé leathscór spailpíní a d'oibreodh le seacht lá,
    Ní bheidh poll ná scailp ná coirnéal nach mbeidh glanta in aon mhí amháin,
    Nach mba fhearr dóibh go mór fada é ná a bheith ag dossáil sa tsráid.
  • Hudba

Komentáře • 4

  • @mairinuichonghaile1166
    @mairinuichonghaile1166 Před 3 lety +2

    An mhaith john

  • @leitirmoir94
    @leitirmoir94 Před 3 lety +4

    Aon seans ar amhran Huddersfield no ceann go amhrain mo mhate

  • @isaweesaw
    @isaweesaw Před 3 lety +1

    B'fhéidir go bhfuil sé "former" formóir nó feirmeoir

    • @isaweesaw
      @isaweesaw Před 3 lety +1

      Agus "'séard a dúirt an *clagaire* leo"