Gearóidín Bhreathnach - An Sean-Duine Dóite | Tigh Dolan, Luimneach |Geantraí 2004 | TG4
Vložit
- čas přidán 27. 04. 2018
- Amhránaí, Gearóidín Bhreathnach as Tír Chonaill leis an amhrán, An Sean-duine Dóite don sraith Geantraí ar TG4 i dTigh Dolan, Luimneach, 2004.
An Sean-duine Dóite :
Chuir mise mo sheanduine isteach ins an choirneál,
A ól bainne ramhair is a dh’ithe aráin eorna,
Dá gcuirfeadh sé a cheann amach bhainfinn an srón dó,
Agus d’fhágfainn an chuid eile ag na cailíní óga.
Curfá:
Órú, a sheanduine, a sheanduine dhóite,
Órú, a sheanduine, is mairg a phós tú,
Órú, a sheanduine, a sheanduine dhóite,
Luigh ar do leabaidh agus codlaigh do dhóthain.
Chuir mise mo sheanduine go sráid Bhaile an Róba,
Cleite ina hata agus búclaí ina bhróga,
Bhí triúr á mhealladh is bhí ceathrar á phógadh,
Is chuala mé i nGaillimh gur imigh sé leofa.
Curfá
Dá mbeadh a fhios ag mo sheanduine, ó, mar a bímse,
Ag ól is ag imirt le hógfhir na tíre,
Le héirí na gealaí go mbrisfeadh sé a phíopa,
Agus bhuailfeadh sé faic dena bhuig ins an ghríosaigh.
Curfá
Dá bhfaigheadh mo sheanduine an ní a ba chóir dó,
Greamanna ime agus greamanna feola,
Íochtar na cuinneoige is preataí rósta,
Bhainfeadh sé gliogar as na cailíní óga.
Curfá
Dá bhfeicfeá mo sheanduine ar uair an mheán oíche,
A chois ar an bhac aige is é ag deargadh a phíopa,
Ba chosúil le slat mara a dhá lorga chaola,
Is mura ndéanfadh sé ansin é, ní dhéanfadh sé choíche é.
Curfá
Dá bhfaighinnse mo sheanduine báite i bpoll móineadh,
Cois a bheith briste is a lorga leonta,
Bhéarfainn ’na bhaile é agus shínfinn faoi chlár é,
'Is shiúlfainn amach leis na buachaillí óga.
Curfá
Tá Geantraí ar fáil ar Sheinnteoir TG4 anois, am ar bith ar fud na cruinne / More episodes of Geantraí are available on the TG4 Player now - watch anytime, anywhere in the world 🎶🌎➡️ bit.ly/38464Qy
Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on CZcams / Glac síntiús chuig cainéal ceoil TG4 ar CZcams ➡️ bit.ly/2V8xyBG
#Geantraí #TG4 #TradTG4 #CeolTG4 - Hudba
Fabelous singer lovely voice...