Video není dostupné.
Omlouváme se.

Teachtaireacht chuig daltaí iar-bhunscoile ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, Bealtaine 2020

Sdílet
Vložit
  • čas přidán 18. 05. 2020
  • Tá teachtaireachtaí físeáin speisialta do dhaltaí iar-bhunscoile eisithe inniu ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.
    Tá scoileanna ar fud na hÉireann dúnta ó thráthnóna Déardaoin 12 Márta , rud a chuir isteach ar shaol na mílte dalta ar fud na tíre.
    Ina theachtaireacht do dhaltaí iar-bhunscoile, thug an tUachtarán aitheantas don chur isteach mór ar na himeachtaí tábhachtacha i saol na ndaoine óga chomh maith. Ina theachtaireacht ghlac an tUachtarán buíochas as a bhfuil á dhéanamh ag na daltaí sna hiarrachtaí chun srian a chur ar scaipeadh an víris.
    Chríochnaigh an tUachtarán an teachtaireacht agus é seo á rá aige “Fan slán agus lean le daoine eile a choimeád slán. Tiocfaidh deireadh leis an ngéarchéim, agus tiocfaidh tréimhse gheal a mbainfimid go léir taitneamh as i ndiaidh na tréimhse dorcha seo.”

Komentáře •