Teach le Chéile - Pax & Macdara Ó Faoláin (Ó Nuadán) & Victoria Pierce

Sdílet
Vložit
  • čas přidán 8. 07. 2020
  • Táimid tagtha chuig deireadh an tsraith 'Teach le Chéile' an tseachtain seo (9 Iúil). Bhí an-áthas orainn gurb iad na deartháireacha ceolmhara Pax agus Macdara Ó Faoláin as An Rinn i gCo. Phort Láirge agus Victoria Pierce as St. Paul, Minnesota sna Stáit Aontaithe Meiriceá, a bhí le feiceáil ar ‘Teach le Chéile’. Seinneann na deartháireacha réimse leathan d’uirlisí agus canann siad meascán d’amhráin ar an sean-nós chomh maith le hamhráin thraidisiúnta Béarla. Tá an bheirt acu sa mbanna ceoil clúiteach Nuadán, banna a bhfuil an-dul chun cinn déanta acu agus dhá albam dá gcuid féin eisithe acu, 'Lá Laindí Lugha' (2016) agus ‘Dén Díobháil’ (2019). Bíonn siad le cloisteáil ag seinm ag ócáidí in Éirinn agus thar lear. Tá Victoria aitheanta mar dhuine de na ceoltóirí óga is fearr a sheinneann ceol traidisiúnta sna Stáit Aontaithe, i Minnesota ach go háirithe, áit ina mhaireann roinnt de na réaltaí ceoil traidisiúnta is mó le rá ar nós Paddy O'Brien, Seán Gavin agus dlúthchara Victoria, Dáithí Sproule. Is amhránaí agus tionlacaí den scoth í Victoria chomh maith le bheith ina banjodóir cumasach. Tá an triúr seo le chéile sa Rinn ó thosaigh an dian-ghlasáil agus tá siad ríméadach an ceolchoirm seo a roinnt libh!
    Pax Ó Faoláin
    Is fidléir agus amhránaí é Pax atá dílis dá cheird ceoil agus do thraidisiún ceoil agus amhránaíocht na nDéise, chomh maith le dúil a bheith aige i stíleanna ceoil traidisiúnta éagsúla ar fud na tíre. Chríochnaigh sé BMus i gCeolscoil Chorcaí i 2019 inar dhírigh sé a chuid staidéar ar thaibhiú agus tá cúrsa MA i mBainistiú Ealaíona agus Léiritheoireacht Chruthaitheach i UCC díreach críochnaithe aige le déanaí. Tá sé mar aidhm aige na healaíona Gaelacha a chur chun cinn in aon slí gur féidir leis agus tá súil aige a shaol a chaitheamh dá réir.
    Macdara Ó Faoláin
    Tá Macdara aitheanta ar dhuine de na tionlacaithe is fearr i saol an cheoil traidisiúnta agus is veidhleadóir agus amhránaí den scoth é chomh maith. Is sár-dhéantúsóir uirlise é Macdara chomh maith agus tá a thuiscint ar an bouzouki agus uirlisí téada le feiceáil sna huirlisí a dhéanann sé. Tá sé tar éis taifead le cúpla ealaíontóir thraidisiúnta eile le cúpla bliain anuas, Páraic Mac Donnchadha agus Shane Meehan ina measc, chomh maith le taifeadtaí baile d'ard chaighdeán a eisiúint le ceoltóirí eile agus ina aonar ar CZcams le linn na dianghlasála.
    Victoria Pierce
    Is í Victoria duine de na ceoltóirí óga is fearr a sheinneann an cheol thraidisiúnta i Meiriceá agus tá ardmheas uirthi i measc lucht leanta an cheoil thraidisiúnta. D'fhoghlaim sí neart uirlisí is í ag fás aníos i Uganda, an veidhlín agus giotár clasaiceach ina measc, ach dhírigh sí ar an mbanjo le roinnt blianta anuas agus thosaigh sí ag seinm leis an réalta ceoil Daithí Sproule i Minneapolis ó bhog sí ann. Seinneann Daithí agus Victoria le chéile go minic agus tá rian Dhaithí ar an stíl atá aici ar an ngiotár chomh maith leis an stíl amhránaíochta atá aici. Tá sí ag foghlaim Gaeilge ó Mhacdara ó thosaigh siad ag dul amach lena chéile agus seans go gcloisfear roinnt amhránaíochta as Gaeilge uaithi sa cheolchoirm!
    Coinnigí súil amach ar leathanach Facebook, Twitter agus Instagram Gael Linn d'aon chraoltaí eile de 'Teach le Chéile' sna todhchaí.
  • Krátké a kreslené filmy

Komentáře •