A bhonnáin bhuí, is é mo léan do luí, Is do chnámha sínte tar éis do ghrinn, Is chan easba bidh ach díobháil dí a d'fhág i do luí thú ar chúl do chinn. Is measa liom féin ná scrios na Traoi Tú bheith i do luí ar leaca lom', Is nach ndearna tú díth ná dolaidh sa tír, Is nárbh fhearra leat fíon ná uisce poll. A bhonnáin álainn, is é mo mhíle crá thú, Do chúl ar lár amuigh romham sa tslí, Is gurbh iomaí lá a chluininn do ghrág Ar an láib is tú ag ól na dí. Is é an ní a deir cách le do dheartháir Cáthal, Go bhfaighidh sé bás mar siúd, más fíor, Ach ní hamhlaidh atá, siúd an préachán breá Chuaigh in éag ar ball le díth na dí. A bhonnáin óig, is é mo mhíle brón Thú bheith sínte fuar i measc na dtom, Is na luchaí móra ag triall chun do thórraimh, Ag déanamh spóirt agus pléisiúir ann; Is dá gcuirfeá scéala in am faoi mo dhéinse Go raibh tú i ngéibhinn, nó i mbroid fá dheoch, Do bhrisfinn béim duit ar an loch úd Bhéasaigh A fhliuchfadh do bhéal is do chorp isteach. Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagnach, An lon, an smaolach, nó an chorr ghlas, Ach mo bhonnán buí, bhí lán de chroí, Is gur chosúil liom féin é ina ghné is ina dhath. Bhíodh sé go síoraí ag ól na dí, Is deir na daoine go mbímse mar sin seal; Níl aon deor dá bhfaighinn nach ligfinn síos, Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart. Is é a d'iarr mo stór orm ligint den ól, Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr; Ach dúirt mé léithi go dtug sí an bhréag, Is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil. Nach bhfaiceann sibh éan an phíobáin réidh A chuaigh in éag den tart ar ball; Is a chomharsain chléibh, fliuchaíg bhur mbéal Óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
R.I.P. Seán a chara 6ú lá de Bealtaine 2022..
Seán and Joe Heaney, singing in Heaven, now. And missed, here.
Top notch singing, Connemara Style Sean's.
What a lovely singer.
Fabulous lovely lilting voice
martin carney
definitive, brilliant, close to perfection in the Irish tradition.. Sing out!
well observed
Thank you Sean, lovely
Brilliant, lovely style.
Go hiontach agus leis an nguth speisialta annamh sin. Aireoidh muid uainn thú. Go raibh míle maith agat Seán.
ceannean se go han-mhaith.
Cheers Maria :)
Go h-álainn agus go h-aoibhinn, Seán, a bhuachaill.
GRMMA, Mike
Iontach grma.
A bhonnáin bhuí, is é mo léan do luí,
Is do chnámha sínte tar éis do ghrinn,
Is chan easba bidh ach díobháil dí
a d'fhág i do luí thú ar chúl do chinn.
Is measa liom féin ná scrios na Traoi
Tú bheith i do luí ar leaca lom',
Is nach ndearna tú díth ná dolaidh sa tír,
Is nárbh fhearra leat fíon ná uisce poll.
A bhonnáin álainn, is é mo mhíle crá thú,
Do chúl ar lár amuigh romham sa tslí,
Is gurbh iomaí lá a chluininn do ghrág
Ar an láib is tú ag ól na dí.
Is é an ní a deir cách le do dheartháir Cáthal,
Go bhfaighidh sé bás mar siúd, más fíor,
Ach ní hamhlaidh atá, siúd an préachán breá
Chuaigh in éag ar ball le díth na dí.
A bhonnáin óig, is é mo mhíle brón
Thú bheith sínte fuar i measc na dtom,
Is na luchaí móra ag triall chun do thórraimh,
Ag déanamh spóirt agus pléisiúir ann;
Is dá gcuirfeá scéala in am faoi mo dhéinse
Go raibh tú i ngéibhinn, nó i mbroid fá dheoch,
Do bhrisfinn béim duit ar an loch úd Bhéasaigh
A fhliuchfadh do bhéal is do chorp isteach.
Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagnach,
An lon, an smaolach, nó an chorr ghlas,
Ach mo bhonnán buí, bhí lán de chroí,
Is gur chosúil liom féin é ina ghné is ina dhath.
Bhíodh sé go síoraí ag ól na dí,
Is deir na daoine go mbímse mar sin seal;
Níl aon deor dá bhfaighinn nach ligfinn síos,
Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart.
Is é a d'iarr mo stór orm ligint den ól,
Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr;
Ach dúirt mé léithi go dtug sí an bhréag,
Is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil.
Nach bhfaiceann sibh éan an phíobáin réidh
A chuaigh in éag den tart ar ball;
Is a chomharsain chléibh, fliuchaíg bhur mbéal
Óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis.
Ana dheas!
Amhrán mór dár gcuid á rá le croí agus le ciall do gach focal is léir. Maith é féin. Ceol na nAingeal go gcluine sé.
same name bruh 😲😲😲
me too..descended from maum an orig garveys. we should all get together sometime. mary garvey